
www.myhome2let.ie ar fáil i nGaeilge
Tá rogha teanga churtha ar fáil ar www.myhome2let.ie Tá sé mar rogha ag daoine a mbaineann feidhm as an suíomh teanga a roghnú ó 13 teangacha éagsúla ina áirítear an Ghaeilge. Dar ndóigh is rud iontach é seo do dhaoine ar mhian leo tithe/arasáin a aimsiú.
Treoirleabhair Nua do Thomhaltóirí ar fáil anois i nGaeilge
D'fhoilsigh an Rialtóir Airgeadais leaganacha Gaeilge dá threoirleabhair 'Pinsin - an scéal simplí' agus 'Morgáistí - an scéal simplí' inniu (8 Aibreán). Cuireann na foilseacháin seo eolas neamhspleách, saor in aisce ar fáil i dteanga shimplí chun cuidiú le daoine an pinsean nó an morgáiste a oireann dóibh a roghnú.
Dúirt Sharon Donnery, Ceannasaí, Faisnéis do Thomhaltóirí, "Is cinneadh mór airgeadais é pinsean nó morgáiste a roghnú agus tá sé tábhachtach na roghanna go léir atá agat a mheá agus cinneadh críonna a dhéanamh. Féadann sé sin a bheith deacair nuair a bhíonn ort treabhadh tríd a lán eolais chasta. Is féidir lenár dtreoirleabhair cuidiú leat, áfach, - tugann siad an t-eolas ar fad atá de dhíth ort duit, i dteanga shimplí, chun cuidiú leat na táirgí seo a thuiscint agus an rogha atá ceart duitse a dhéanamh."
Dúirt Sharon Donnery freisin: "Níl na treoirleabhair seo dírithe ar cheannaitheoirí céad uaire amháin nó orthu siúd amháin nach bhfuil tús curtha acu fós lena bpinsin. Tugann 'Morgáistí - an scéal simplí' eolas duit ar chonas is féidir leat do mhorgáiste a athbhreithniú chun a bheith cinnte go bhfuil tú ag fáil margaidh mhaith i gcónaí agus díríonn 'Pinsin - an scéal simplí' ar phinsin phríobháideacha agus ar ranníocaíochtaí breise deonacha (AVCanna). Is féidir leis cuidiú leat ceisteanna amhail 'Cé mhéad ba chóir dom a ranníoc?' agus 'Cén t-eolas a bheidh agam ar an gcaoi a bfhuil ag éirí le mo phinsean' a fhreagairt.
Is féidir 'Pinsin - an scéal simplí' agus 'Morgáistí - an scéal simplí a íoslódáil ó láithreán gréasáin an Rialtóra Airgeadais um airgeadas pearsanta, www.itsyourmoney.ie. Is féidir cóipeanna a fháil freisin trí ghlaoch ar an gcabhairlíne do thomhaltóirí ag lo-call 1890 77 77 77 nó trí bhualadh isteach go dtí an tIonad Faisnéise do Thomhaltóirí ag 6-8 Faiche an Choláiste, Baile Átha Cliath 2.