Tá
sé soiléir ó na
réimsí thuasluaite sin go bhfuil na
saincheisteanna a
bhaineann le tomhaltóirí tar éis
leathnú amach ón raon cúng a bhaineann
le cosaint tomhaltóirí amháin agus
clár oibre níos leithne a chuimsiú
agus a chur chun cinn.
Maidir le geilleagar nua-aimseartha forasách na linne seo
ní mór don
tomhaltóir a bheith ina cheann feadhna a
éilíonn nuálaíocht, a
chuireann forás agus athruithe chun feabhais i
gcríoch, agus nach
nglacfaidh le tada eile seachas cáilíocht den
scoth agus iliomad
roghanna a bheith ar fáil.
Caithfidh an tomhaltóir é féin a chur
in iúl níos mó, i
gcomhar leis an táirgeoir más gá, agus
dul ar thús cadhnaíochta ó am go
chéile.