Is
eagras nuabhunaithe é Cumann na
dTomhaltóirí Gaeilge. Faoi
láthair tá
muid ag obair mar meitheal ach aithreoidh muid an
comhdhéanamh de réir
a chéile. Tá muid ag súil le
líon na baill a
méadú agus
feachtais a speagradh i measc tomhaltoirí Gaeilge agus
comhlachtaí chun
an méid earraí agus freastal le fáil i
nGaeilge a meadú. Fógraíodh
muid athraithe agus nuacht ar an láithreán seo go rialta.
Maidir
le gCumann na dTomhaltóirí Gaeilge
Is
rófhada atá an Gaeilgeoir ag feitheamh le
haghaidh réimse leathain
earraí agus freastal a bheith le fáil i nGaeilge.
Aithníonn roinnt
comhlachtaí intíre agus domhanda go bhfuil
éileamh agus buntaistí le
earraí agus freastal a chuir ar fáil i nGaeilge
ach caithfidh muid mar
Thomhtaltóirí an teachtaireacht sin a thabhairt do
a lán comhlachtaí
eile. Mura fheiceann comhlachtaí margadh
ní chuirfidh siad earraí
agus freastal ar fáil agus mar sin brathann
sé orainn an margadh agus
an rachairt a chruthú agus ar ndóigh, an margadh
a thaispeáint.
Mar
Tomhaltóir – cad is féidir liom a
dhéanamh?
Inis
dúinn cad atá uait. Líon isteach an
ceistneoir atá le fáil anseo. Inis
dúinn cad iad na hearraí,
táirgí agus freastal atá á
lorg agat ionas
gur féidir linn margadh a dhéanamh leis na
gnólachtaí cuí. Mar
bhall de Chumann na dTomhaltóirí Gaeilge, is
féidir linn obair le chéile agus an
teachtaireacht a chur cun cinn.
Cad
iad na buntaistí le haghaidh Comhlachtaí?
Nuair
a chuireann comhlacht freastal nó tairge ar fáil
i nGaeilge, tá
cruthúnas ann go tarrangaíonn sé
níos mó aireacht don bhfreastal nó
tairge. Cuireann sé aitheantas
Éireannach ar an freastal nó tairge
chomh maith agus meabhraíonn daoine an freastal
nó tairge níos éasca.
D’aithin roinnt comhlachtaí
idirnáisiúnta na buntaistí blianta
ó shin
agus sin an fath go bhfuil comharthaí dátheangach
le feiceáil in
ollmhargaí ar nós Tesco, SuperValu, Dunnes Stores.
Mar
Chomhlacht – cad is féidir linn a dhéanamh?
Mar
tús maith, is feidir le comhlacht a
láithreán gréasáin a chur
ar fáil i
nGaeilge, comharthaí dátheangach a chrocha, bille
agus fógraí a chur ar
fáil do dátheangach srl. Tá
réimse gnólachtaí in dhiaidh a
leithéid a
dhéanamh cheana féin agus tá toinnt
deontais le fáil le haghaidh a
leithéid de rud chomh maith.